San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Bailiúchán na Comhairle Ealaíon
Téann RAISE ar líne agus cuidíonn sé le Meanma ár Náisiúin Iontaigh a Ardú (#RAISINGSpirits)Mar fhreagairt ar ghéarchéim Covid-19, tá clár RAISE de chuid na Comhairle Ealaíon, atá á chur ar fáil ag OKC Consulting, tar éis dul ar líne le huirlisí agus áise
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2021
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal: freagairt ar COVID-19
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha – Síneadh leis an Spriocdháta Iarratais
Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht
Deis Fostaíochta ag Music Network Oifigeach Forbartha
First Fortnight
Scoileanna Ildánacha – Síneadh leis an Spriocdháta Iarratais

Tá síneadh curtha ag Scoileanna Ildánacha leis an spriocdháta do scoileanna/ionaid le hiarratais a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2020.

De bharr dhúnadh na scoileanna fanfaidh iarratais ar Scoileanna Ildánacha 2020 oscailte go dtí an spriocdháta nua ag 17:30, Déardaoin, 23 Aibreán 2020.  

Tá tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta.

Tá sé mar aidhm ag Scoileanna Ildánacha na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga agus i mbliana tiocfaidh 150 scoil/ionad nua isteach sa chlár. Oibreoidh scoileanna rannpháirteacha in éindí le Comhlach Cruthaitheach a chabhróidh leo a bplean Scoileanna Ildánacha féin a fhorbairt chun tuiscint, forbairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona ina scoil.  Dámhfar deontas aon uaire do scoileanna dar luach €4,000 (san iomlán) chun a gcuid pleananna a chur chun feidhme thar an dá scoilbhliain 2020–21 agus 2021–22.