San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Conairí 2021 – Seisiún 1
Fógra maidir le Clinic Faisnéise ar Mhaoiniú le haghaidh Sorcais, Sráidealaíon agus Seónna
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh
CLINIC AR LÍNE NA SCÉIMEANNA FÉILTE – 1 Aibreáin ag 2pm
Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? Sraith ar líne fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge le tacú le folláine earnáil na n-ealaíon in Éirinn
From Access to Inclusion; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus ar an gCultúr
Deontais agus Dámhachtainí
Dámhachtain do Thionscadal Amharclannaíochta - Spriocdháta le teacht
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, 29 Aibreán 2021
Scéim Ensembles na nÓg 2021
Nuacht ón bPobal
Aire a Thabhairt d’Intinní Cruthaitheacha – MÁRTA Seisiún Teacht Le Chéile
NÓTA COMHTHÉACSÚIL DO RÍOMHPHOST SPEAK UP ACTiON
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021

Is díol mór sásaimh do Scoileanna Ildánacha/Creative Schools deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh le scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 6 Aibreán ar aghaidh agus is é an spriocdháta le haghaidh iarratas 17:30, Déardaoin, an 6 Bealtaine 2021.  

Cuirfear tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil ar líne go luath. Ní mór iarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta.

Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/ionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol leanaí agus daoine óga. Faoin tionscnamh seo, cuirtear deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta; chun cumarsáid a dhéanamh, chun comhoibriú le chéile, chun a samhlaíocht a mhúscailt, chun a gcumas nuálaíoch a chothú, agus chun leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Cuirfidh sé ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí oibre nua lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.

Cuirfear réimse tacaíochtaí ar fáil do scoileanna/ionaid rannpháirteacha lena dtabharfar deis dóibh oibriú le Comhlach Cruthaitheach, dul faoi oiliúint agus aithne a chur ar dhaoine chun tacú leo lena bPlean Scoile Ildánaí a chur le chéile, mar aon le síolmhaoiniú le go mbeidh siad in ann an Plean a chur chun feidhme.

Freagróidh na Comhlaigh Chruthaitheacha ar thosaíochtaí agus ar riachtanais forbartha na scoile/an ionaid d’fhonn cabhrú leo le deiseanna ealaíon agus cruthaitheacha a dhaingniú do leanaí agus do dhaoine óga. Tarraingeoidh siad as a dtaithí phraiticiúil féin d’fhonn comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus d’fhonn modhanna a bhunú trína mbeidh scoileanna/ionaid, earnáil na n-ealaíon agus an earnáil chultúrtha in ann caidrimh inbhuanaithe a chothú.

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil - de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.