San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte chuig Nuachtlitir mhí Iúil
Nuacht na míosa seo
Cód um Chreat Rialachais
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a fhógairt go bhfuiltear tar éis Pat Murphy a cheapadh mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin) i gcomhair 2018-19.
Life Lines – Club Leabhar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Nuacht ón bPobal
Sparánacht Jack Harte 2019
Téigh ag obair le Foireann Shorcas Pobail na Gaillimhe: Bainisteoir Ginearálta á Lorg
Téigh ag obair le Foireann Shorcas Pobail na Gaillimhe: Léiritheoir á Lorg
Dánlann Ealaíne Crawford: Iúil
Eagraíochtaí agus tionscadail arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon incháilithe do dhámhachtain nua an Chrannchuir Náisiúnta
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Music Moves Europe – Glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí ar oscailt anois
An bhfuil maoiniú á lorg agat le haghaidh tionscadail i gcomhar le comhpháirtithe Eorpacha eile?
Deiseanna do chóiréagrafaithe nua
Glaoch nua de chuid na hEorpa Cruthaithí ar thairiscintí le haghaidh Scéim Soghluaisteachta Trasteorann d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

01 Deireadh Fómhair 2018 - 30 Meán Fómhair 2019

 

Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC) agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Dheireadh Fómhair 2018 go dtí Meán Fómhair 2019 an tréimhse atá i gceist.

 

Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 17 Lúnasa 2018 (6pm). Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin (CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Dr. Tríona Ní Shíocháin, An Scoil Cheoil agus Amharclannaíochta, COC nó triona.nishiochain@ucc.ie .   

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Tríona Ní Shíocháin má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.

 

Beidh na hagallaimh ar siúl i gCorcaigh go luath i Mí Mheán Fómhair.