San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinic Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta arna óstáil ag Ionad Litríochta an Deiscirt
Comhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’: ag cruthú rannpháirtíochta éagsúil sna healaíona 28 Márta 2019 – Cuimhnigh ar an dáta
Tá Comhairleoir le haghaidh Céatadán ar son na hEalaíne á lorg ag an gComhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 17 Eanáir 2019
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, 31 Eanáir 2019
Duais Mac Léinn agus Dámhachtain Taistil Ollúnacht Éigse Éireann
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Anthony Cronin 2019
Nuacht ón bPobal
Nollaig na mBan 2019
Buaiteoir Dhámhachtain Sparánachta Jack Harte 2019 fógartha
Gairm oscailte ó The Waterford Healing Arts Trust ar Ealaíontóir Cónaithe na bliana 2019
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Achoimre ar imeachtaí 2018
Clinic Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta arna óstáil ag Ionad Litríochta an Deiscirt

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Sparánachta Litríochta na Comhairle Ealaíon (do scríbhneoirí atá ag obair i mBéarla) Déardaoin, an 31 Eanáir 2019 ag 5.30pm. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon clinic faisnéise eile, arna óstáil ag Ionad Litríochta an Deiscirt, roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.

Reáchtálfar an clinic faisnéise anseo a leanas, ar an dáta agus ag an am seo:

Déardaoin, 17 Eanáir óna 7-8.30pm

Á óstáil ag Ionad Litríochta an Deiscirt at Nano Nagle Place, Sráid Dhúglais, Corcaigh

Úsáid an nasc a leanas chun Eventbrite a úsáid chun d’áit a chur in áirithe:

https://www.eventbrite.ie/e/arts-council-literature-bursary-award-clinic-tickets-53176600644

Clúdófar na topaicí a leanas ag na clinicí:                    

  • Cuspóir na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
  • Cé hiad na daoine agus cad iad na tionscadail atá incháilithe
  • An próiseas iarratais - seirbhísí ar líne
  • An fhoirm iarratais
  • Ábhar tacaíochta riachtanach
  • Buiséid
  • An próiseas measúnaithe
  • Téarmaí agus coinníollacha
  • Botúin choitianta a chaithfear a sheachaint
  • Ceisteanna agus freagraí

Tuilleadh faisnéise

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an Dámhachtain Sparánachta Litríochta agus chun cóip de threoirlínte na dámhachtana a fháil, féach ar an rannán maidir leis an maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon ar 01 618 02 00 nó ar rphost awards@artscouncil.ie