San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí an Mheithimh dár Nuachtlitir
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2017
Spriocdháta: Dámhachtain Deis 2017
Spriocdháta: Scéim na bhFoilseachán/Teideal ar Theideal 2018
Spriocdháta: Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile 2017
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta: 5.30pm Déardaoin an 17 Lúnasa 2017
Nuacht ón bPobal
Spriocdháta: Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon 2017
Tá iarrthóirí á lorg ag an gComhairle Ealaíon chun Scoileanna Ildánacha – tionscnamh comhpháirtíochta leis an Roinn Oideachais agus Scileanna – a threorú
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
An rath ar eagraíochtaí na hÉireann sna dámhachtainí do Thionscadail Chomhoibrithe na hEorpa Cruthaithí
Seimineár in Aisce maidir le Maoiniú ón AE do Thionscadail Cultúir, Óige, agus Sochaí Sibhialta i nGaillimh
Staidéar nua AE maidir le Forbairt Lucht Féachana – conas an lucht féachana a chur i gcroílár eagraíochtaí cultúrtha
Tagann an Túinéis isteach sa chlár, an Eoraip Chruthaitheach
Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir labhairt ag d’imeacht
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2017

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 13 Meitheamh 2017 ar aghaidh

Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:

  • Rannpháirtíocht sna hEalaíona
  • Litríocht (Béarla)
  • Litríocht (Gaeilge)
  • Téatar
  • Na hEalaíona Traidisiúnta
  • Na Físealaíona
  • Daoine Óga, Leanaí & Oideachas

Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.

Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil , ar ár suíomh Gréasáin.

Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.