San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go nuachtlitir mhí an Mheithimh
Nuacht na míosa seo
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Soláthar Comhairleoirí Ealaíon
Clinic Faisnéise go luath le haghaidh Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects
Tremble Tremble Taispeántas le Jesse Jones
Dínit agus Ómós ag an Obair
Deontais agus Dámhachtainí
Babhta nua ilDÁNA fógartha
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, 2018, Babhta 2, 2018, lena n-áirítear Sraith 1 (Amharc-ealaíontóirí) agus Sraith 2 (Coimeádaithe).
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2018
Réamhfhógra maidir le tionscnamh nua scannán, Authored Works, agus Reel Art 2018
Nuacht ón bPobal
Carriage Return: Saothar Nua le Julie Merriman
Ánracht Filíochta Idirnáisiúnta John Montague
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects

Dúirt Orlaith McBride /Sheila Pratschke Stiúrthóir /Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon le linn dóibh a bheith sa Veinéis chun an ócáid iontach speisialta seo a chomóradh:

 

“Tá an Chomhairle Ealaíon an-bhródúil as coimeádaithe na Veinéise, Grafton Architects. Ní fhacthas éacht den scála seo riamh cheana in Éirinn agus cothaíonn sé mórtas náisiúnta ionainn ar fad. Tá na hailtirí seo i mbarr a réime ina ngairmeacha idirnáisiúnta agus tá tacaíocht dhíreach ó thionscnamh meantóireachta d’ailtirí Éireannacha na Comhairle dírithe ar leagáid mharthanach a chruthú d’ailtirí na hÉireann.”

 

Ceapadh na hailtirí Éireannacha, Yvonne Farrell agus Shelley McNamara as Grafton Architects mar choimeádaithe foriomlána ar an Biennale, ceann de na himeachtaí ailtireachta is mó le rá ar domhan. Áireofar 71 rannpháirtí idirnáisiúnta sa taispeántas foriomlán, agus beidh sé ar siúl ar fud na Veinéise agus os cionn 260,000 duine ó gach cearn den domhan i láthair ag na príomhionaid. Áirítear ar an gclár Biennale freisin Tionscnamh Meantóireachta na Veinéise a bhfuil tacaíocht aige ón gComhairle Ealaíon agus ina bhfuil 16 chleachtas ailtireachta páirteach, ag céimeanna éagsúla dá ngairmeacha. 

 

Glacfaidh an 16 chleachtas ailtireachta páirt sa Biennale, agus Grafton Architects ag cur clár meantóireachta ar fáil i gcleachtadh coimeádaíochta agus ag cur ailtireacht in iúl do lucht éisteachta poiblí. Dúirt na coimeádaithe Yvonne Farrell agus Shelley McNamara:

 

“Beidh tionchar marthanach aige seo ar chleachtas cruthaitheach na n-ailtirí agus méadóidh sé go bunúsach scileanna agus cumais i measc líon mór ailtirí in Éirinn ag a mbeidh, sa todhchaí, seasamh i bhfad níos láidre chun an ailtireacht a chur in iúl do lucht féachana agus i dtaispeántais.”

 

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil le justine.harrington@artscouncil.ie