San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte chuig eagrán Lúnasa dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí Maoinithe Amharclannaíochta
Treoir: Ag Obair i gComhthéacsanna Idirchultúrtha
Tá Tábhacht le hÁiteanna: ag cur le cuimsiú sna healaíona
CUR I LÁTHAIR AGUS CEISTEANNA & FREAGRAÍ - Taighde ar Mheon an Phobail
Tairiscint taighde foilsithe don Oíche Chultúir
Deontais agus Dámhachtainí
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2021
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, an 17 Meán Fómhair 2020
Clinic Eolais ar líne ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon do 2020 atá ag teacht aníos
Dámhachtain le haghaidh Forbairt Ghairmiúil
Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 10 Meán Fómhair 2020
Athoscailt Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Nuacht ón bPobal
DEIS FOSTAÍOCHTA: OIFIGEACH CUMARSÁIDE & MARGAÍOCHTA
Treoir: Ag Obair i gComhthéacsanna Idirchultúrtha

Fáiltíonn an Chomhairle Ealaíon roimh an treoir Ag Obair i gComhthéacsanna Idirchultúrtha a d’fhoilsigh ár n-údaráis áitiúla comhpháirtíochta i Maigh Eo, in Áth Cliath Theas agus i nDún na nGall le déanaí, treoir a maoiníodh faoin Scéim um Chuireadh chun Comhoibrithe.

Scríobhann Anne McCarthy, Ceannaire na Forbartha Pobail agus na Forbartha Comhtháite i gComhairle Contae Mhaigh Eo faoin gcomhoibriú i mblag nua an mhí seo, dar teideal Less expert, more human. Labhraíonn sí faoin bpróiseas éisteachta agus fionnachtana a stiúir forbairt na treorach.

Is acmhainn nua í seo do sheirbhísí ealaíon agus soláthróirí cultúir a bhfuil suim acu ina gcaidreamh leis an bpobal agus a gcuid teagmhála le pobail agus ealaíontóirí éagsúla a leathnú. Is áis an-úsáideach agus praiticiúil í dóibh siúd ar mian leo tabhairt faoi obair a fhorbairt le pobail éagsúla ina gceantair féin. Is féidir leat an treoir a íoslódáil  anseo agus breathnú ar an bhfógra anseo. https://vimeo.com/424070720 (3 nóim.)

Más mian leat cóip chrua a fháil, seol ríomhphost chuig arts@mayococo.ie.