San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Seisiúin Faisnéise na Comhairle Ealaíon ar Dhínit agus Ómós ag an Obair
Déanann an Chomhairle Ealaíon athnuachan ar a comhpháirtíocht le Music Generation go dtí mí na Nollag 2020
Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon seirbhísí Comhairleora Taighde ar fáil.
Ealaín Ardteistiméireachta NCCA - Comhairliúchán
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin) Coláiste na hOllscoile Corcaigh 1 Meán Fómhair 2018–31 Lúnasa 2019
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30pm, Déardaoin an 3 Bealtaine 2018
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Nuacht ón bPobal
Belltable: Sraith Máistir-ranganna Connect Mask and Clown, a bheidh faoi stiúir Simon Thompson
Words Ireland @ ILFDublin: Lá Náisiúnta do Scríbhneoirí
Words Ireland @ ILFDublin: Lá Náisiúnta do Scríbhneoirí

Dé hAoine, 25 Bealtaine, óstálfaidh Words Ireland cruinniú náisiúnta do scríbhneoirí ag IMMA i gcomhpháirtíocht le Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Tá Words Ireland ag obair ar thimpeallacht den scoth a chruthú do scríbhneoirí ionas go mbeidh siad in ann teacht le chéile, machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas cruthaitheach agus gairmiúil, agus an nuacht is déanaí a fháil ó cheannairí an tionscail agus inspioráid a fháil. Beidh forógraí, léachtaí, cruinnithe do scríbhneoirí agus láithreoireachtaí tionscadal, léargas ar an tionscal, cur agus cúiteamh ar bun ag breis is tríocha cainteoir ar an lá. Is lá faisnéise agus inspioráide é chun cuidiú leat do shaol scríbhneoireachta a choinneáil ag imeacht agus a fhorbairt.

Suigh siar go compordach agus labhair le dhá scór eagraíocht litríochta sa Halla Mór, agus foghlaim níos mó faoi dheiseanna cruthaitheacha agus gairmiúla. Casfaidh tú le cairde agus le hiar-chomhghleacaithe nach bhfaca tú le fada agus casfaidh tú le daoine den chéad uair freisin. Gheobhaidh deichniúr scríbhneoirí an deis poiblíocht a dhéanamh ar shaothar foilsithe do dheichniúr stiúrthóirí scannán freisin.

Tá ticéid ar díol anois don té a thapóidh a dheis: €45 don lá, nó €120 do thriúr scríbhneoirí in éindí (tabhair cuireadh do chara leat a bhíonn i mbun pinn!).  Cumhdaítear lón, tae agus caife, agus deochanna ag an bhfáiltiú deiridh ó Kinnegar Brewing i bpraghas na dticéad. Cliceáil anseo chun na sonraí go léir a fháil agus chun áit a chur in áirithe.