San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go nuachtlitir mhí na Nollag
Nuacht na míosa seo
Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a fhorbairt
Tionscnamh Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon
Clinicí Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh Katy Fitzpatrick mar Chomhairleoir - Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Ba mhaith leis an bhfoireann Amharc-ealaíon sa Chomhairle Ealaíon na faighteoirí rathúla seo a leanas a fhógairt do Scéim Spás Oibre 2019.
Tairiscint do Sholáthar Seirbhísí Comhairleacha Rannpháirtíochta sna hEalaíona don Chomhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, 31 Eanáir 2019
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 17 Eanáir 2019
Scéim Ensembles na nÓg 2019
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta d’Ealaíontóirí agus Coimhéadaithe 2019.
Nuacht ón bPobal
Oifigeach Forbartha Music Generation (Ros Comáin)
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Ná déan dearmad gurb é Dé Máirt, 11 Nollaig 11 a.m. am na hÉireann an spriocdháta i gcomhair Thionscadail Chomhoibrithe 2019!
Múnlaí Nua Gnó i bhFeidhm: Buanseasmhacht agus Inbhuanaitheacht a thógáil do na hEarnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheacha
Gairmeacha Oscailte: Clár cónaitheachta ‘Back to Basics’
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Is é an spriocdháta le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar bun idir mí Iúil agus mí na Nollag 2019 agus le haghaidh Réamhphleanáil 2020 an 10 Eanáir 2019.

 

 

Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ó lár mhí na Nollag 2018.

 

Mar a tharla le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacaíocht chomhpháirteach a thabhairt do chamchuairteanna thuaidh-theas (má tá an buiséad ann). Ciallaíonn sé sin gur féidir le hiarratais ó Thuaisceart Éireann agus ó Phoblacht na hÉireann dátaí ón dá dhlínse a áireamh.

 

Spreagadh é seo do chompántais agus d’ionaid comhoibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar fud an oileáin ar fad.

 

Féadfaidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo Maoiniú Straitéiseach/Ionaid Tionóil/Comhpháirtíochta a fháil cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Camchuairte 2019.

 

Tá an scéim Réamhphleanála oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo léiriúcháin a thabhairt ar camchuairt in 2020 (seachas eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú straitéiseach ilbhliantúil).

 

Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.

 

Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.