San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Conairí 2021 – Seisiún 1
Fógra maidir le Clinic Faisnéise ar Mhaoiniú le haghaidh Sorcais, Sráidealaíon agus Seónna
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh
CLINIC AR LÍNE NA SCÉIMEANNA FÉILTE – 1 Aibreáin ag 2pm
Ag Baint Lá Amach nó Faoi Bhláth? Sraith ar líne fógartha ag an gComhairle Ealaíon agus ag Iontaobhas Ealaíon Íceach Phort Láirge le tacú le folláine earnáil na n-ealaíon in Éirinn
From Access to Inclusion; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus ar an gCultúr
Deontais agus Dámhachtainí
Dámhachtain do Thionscadal Amharclannaíochta - Spriocdháta le teacht
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, 29 Aibreán 2021
Scéim Ensembles na nÓg 2021
Nuacht ón bPobal
Aire a Thabhairt d’Intinní Cruthaitheacha – MÁRTA Seisiún Teacht Le Chéile
NÓTA COMHTHÉACSÚIL DO RÍOMHPHOST SPEAK UP ACTiON
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, 29 Aibreán 2021

Is é Déardaoin, an 29 Aibreán 2021, ag 5.30pm, an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon.

Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt, an 30 Márta 2021 ar aghaidh.

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon an Dámhachtain Coimisiún a thairiscint sna réimsí seo a leanas:  

  • Damhsa
  • Féilte
  • Ceol
  • Ceoldrámaíocht
  • Na hEalaíona Traidisiúnta
  • Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas

 

Is é cuspóir na Dámhachtana Coimisiún coimisiúnú saothair nua ó shaorealaíontóirí a éascú.

 

Beifear in ann treoirlínte na dámhachtana a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon i lár mhí Márta.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:

Tá an dámhachtain oscailte d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair.

 

Is é an spriocdháta don dámhachtain seo Déardaoin, an 29 Aibreán 2021, ag 5.30pm.  Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne.Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas.  D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

 

Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait maidir le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Coimisiún: http://www.facebook.com/artscouncilireland