San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte chuig eagrán Lúnasa dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí Maoinithe Amharclannaíochta
Treoir: Ag Obair i gComhthéacsanna Idirchultúrtha
Tá Tábhacht le hÁiteanna: ag cur le cuimsiú sna healaíona
CUR I LÁTHAIR AGUS CEISTEANNA & FREAGRAÍ - Taighde ar Mheon an Phobail
Tairiscint taighde foilsithe don Oíche Chultúir
Deontais agus Dámhachtainí
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2021
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Spriocdháta: Dámhachtain Coimisiún, Déardaoin, an 17 Meán Fómhair 2020
Clinic Eolais ar líne ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon do 2020 atá ag teacht aníos
Dámhachtain le haghaidh Forbairt Ghairmiúil
Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 10 Meán Fómhair 2020
Athoscailt Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Nuacht ón bPobal
DEIS FOSTAÍOCHTA: OIFIGEACH CUMARSÁIDE & MARGAÍOCHTA
Clinicí Maoinithe Amharclannaíochta

Beidh sraith clinicí maoinithe ag an bhFoireann Amharclannaíochta i mí Lúnasa i mbliana d’ealaíontóirí amharclannaíochta chun léargas a thabhairt ar dheiseanna maoinithe atá ag teacht aníos agus chun plé a dhéanamh ar conas a oibríonn próiseas maoinithe na Comhairle Ealaíon, le seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh. Beidh Rachel West, Ceannaire Amharclannaíochta, ag reáchtáil na gclinicí seo, le cabhair ó Hannah Gordis, Cúntóir Amharclannaíochta, agus Elaine Connolly, Oifigeach Amharclannaíochta. Is iad dátaí agus amanna na gclinicí atá ar fáil:

5 Lúnasa ag 2:00pm

20 Lúnasa ag 11:00am

27 Lúnasa ag 11:00am

 

Is féidir le haon duine a bhfuil spéis acu a bheith i láthair RSVP a chur chuig Hannah ag hannah.gordis@artscouncil.ie leis an dáta atá siad ar fáil. Beidh na clinicí ar siúl ar Zoom agus mairfidh siad timpeall uair an chloig. Má tá aon cheist agat nó má tá cabhair uait, cuir ríomhphost chuig Hannah le do thoil ag an seoladh thuas.