San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go nuachtlitir mhí na Nollag
Nuacht na míosa seo
Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a fhorbairt
Tionscnamh Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon
Clinicí Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh Katy Fitzpatrick mar Chomhairleoir - Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Ba mhaith leis an bhfoireann Amharc-ealaíon sa Chomhairle Ealaíon na faighteoirí rathúla seo a leanas a fhógairt do Scéim Spás Oibre 2019.
Tairiscint do Sholáthar Seirbhísí Comhairleacha Rannpháirtíochta sna hEalaíona don Chomhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, 31 Eanáir 2019
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 17 Eanáir 2019
Scéim Ensembles na nÓg 2019
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta d’Ealaíontóirí agus Coimhéadaithe 2019.
Nuacht ón bPobal
Oifigeach Forbartha Music Generation (Ros Comáin)
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Ná déan dearmad gurb é Dé Máirt, 11 Nollaig 11 a.m. am na hÉireann an spriocdháta i gcomhair Thionscadail Chomhoibrithe 2019!
Múnlaí Nua Gnó i bhFeidhm: Buanseasmhacht agus Inbhuanaitheacht a thógáil do na hEarnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheacha
Gairmeacha Oscailte: Clár cónaitheachta ‘Back to Basics’
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, 31 Eanáir 2019

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 31 Eanáir 2019

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 18 Nollaig 2018

Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:

  • Ailtireacht
  • Rannpháirtíocht sna hEalaíona
  • Sorcas
  • Damhsa
  • Scannán
  • Litríocht (Béarla)
  • Ceol
  • Ceoldrámaíocht
  • Sráidealaín & Seónna
  • Amharclannaíocht
  • Na hAmharc-ealaíona

Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.

Táirgfear an dara babhta den Dámhachtain Sparánachta i mBealtaine 2019 don Litríocht (Béarla agus Gaeilge), do na hEalaíona Traidisiúnta, do na hAmharc-ealaíona agus do DÓLO.

Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil , ar ár suíomh Gréasáin.

Tabhair faoi deara

  • Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar Dhámhachtain Sparánachta amháin i mbliain féilire amháin ar bith.
  • Ní thig leat cur isteach ar Shraith 1 den Dhámhachtain Sparánachta in 2019 (spriocdháta an 31 Eanáir 2019) má bronnadh Dámhachtain Sparánachta ort faoi shraith a dó na bliana 2018 (spriocdháta an 12 Iúil 2018).
  • Ní thig leat cur isteach ar Dhámhachtain Sparánachta in 2019 má bronnadh Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile ort in 2018.

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.