San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Seisiúin Faisnéise na Comhairle Ealaíon ar Dhínit agus Ómós ag an Obair
Déanann an Chomhairle Ealaíon athnuachan ar a comhpháirtíocht le Music Generation go dtí mí na Nollag 2020
Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon seirbhísí Comhairleora Taighde ar fáil.
Ealaín Ardteistiméireachta NCCA - Comhairliúchán
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin) Coláiste na hOllscoile Corcaigh 1 Meán Fómhair 2018–31 Lúnasa 2019
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30pm, Déardaoin an 3 Bealtaine 2018
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Nuacht ón bPobal
Belltable: Sraith Máistir-ranganna Connect Mask and Clown, a bheidh faoi stiúir Simon Thompson
Words Ireland @ ILFDublin: Lá Náisiúnta do Scríbhneoirí
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Is é an spriocdháta i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú ó Eanáir go Meitheamh 2019 ná Déardaoin, 3 Bealtaine 2018.

 

Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ó thús mhí Aibreáin 2018.

 

Mar a tharla le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacaíocht chomhpháirteach a thabhairt do chamchuairteanna thuaidh-theas. Ciallaíonn sé sin gur féidir le hiarratais ó Thuaisceart Éireann agus ó Phoblacht na hÉireann dátaí ón dá dhlínse a áireamh.

 

Spreagadh é seo do chompántais agus d’ionaid comhoibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar fud an oileáin ar fad.

 

Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.

 

Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.