San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Mark O’Halloran ceaptha mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC
DHÁ MHÓRDHUAIS SA CHEOLDRÁMAÍOCHT BRONNTA AR CHOMPÁNTAIS ÉIREANNACHA
Clinic faisnéise – An tslí le hiarratas ar mhaoiniú straitéiseach a dhéanamh
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in DCU 2017 - 2018
Comhaltacht Scríbhneora UCD Eanáir – Meitheamh 2018
Nuacht ón bPobal
Oifigeach Tiomsaithe Airgid & Urraíochta Compántas Amharclannaíochta Barnstorm
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
DHÁ MHÓRDHUAIS SA CHEOLDRÁMAÍOCHT BRONNTA AR CHOMPÁNTAIS ÉIREANNACHA

Tá mórdhuaiseanna idirnáisiúnta sa cheoldrámaíocht buaite ag comhléiriúchán Wide Open Opera/Landmark Productions agus Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman le cúpla seachtain anuas.

I Mí na mBealtaine, bronnadh duais ar Fhéile Cheoldrámaíochta Loch Garman mar an fhéile ceoldrámaíochta is fearr ag na gradaim idirnáisiúnta ceoldrámaíochta in London Coliseum. Ceiliúradh bliantúil ar scoth na ceoldrámaíochta idirnáisiúnta atá sna gradaim idirnáisiúnta ceoldrámaíochta: agus bhí Loch Garman i gcomórtas le Festival d'Aix-en-Provence (an Fhrainc); Festival Verdi (Parma, an Iodáil); Garsington Opera (RA); Lyon Festival (an Fhrainc); agus Spoleto Festival (SAM) chun an duais seo a bhuachan.

 

Agus é ag glacadh leis an ngradam ar son na féile, dúirt David Agler, Stiúrthóir Ealaíne na féile den 13ú huaire; 

 

Seasann an gradam seo le díograis agus dúthracht na mbunaitheoirí ar éirigh leo fís choiteann, sárchaighdeán ealaíne agus fáilte a chomhcheangal ar bhealach nach bhfuil a shárú ar fáil.”

 

Ina dhiaidh sin i Mí an Mheithimh, bronnadh duais Fedora–Generali don cheoldrámaíocht 2017 ar léiriúchán nua The Second Violinist le Donncha Dennehy & Enda Walsh, agus ainmníodh Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman mar Fhéile Idirnáisiúnta Ceoldrámaíochta na bliana.

Ba é The Second Violinist an dara ceoldráma a chum Donnacha Dennehy agus a scríobh agus a stiúir Enda Walsh. Le maoiniú ó Dhámhachtain um Léiriúchán Ceoldráma na Comhairle Ealaíon, tagann an ceoldráma seo sna sála ar rath idirnáisiúnta The Last Hotel in 2015, agus cuirfear i láthair den chéad uair é an 27 Iúil ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath 2017 ón 2-8 Deireadh Fómhair.

Tá sé mar chuid de mhisean Fedora – Ciorcal Eorpach Daonchairde na Ceoldrámaíochta agus an Bhailé – nuáil agus cruthaitheacht a chur chun cinn trí chomórtas duaiseanna a thacaíonn le ceoldrámaí agus tionscadail bailé nua, arna gcruthú ag ealaíontóirí ag teacht chun cinn agus arna bhforbairt mar chomhléirithe.  Cuirfidh an deontas €150,000 ar chumas Wide Open Opera agus Landmark Productions comhpháirtíochtaí nua idirnáisiúnta léiriúcháin a chothú agus déanfar deimhniú de go rachaidh an ceoldráma nua Éireannach seo ar chamchuairt idirnáisiúnta in 2018.