San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go nuachtlitir mhí an Mheithimh
Nuacht na míosa seo
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Soláthar Comhairleoirí Ealaíon
Clinic Faisnéise go luath le haghaidh Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects
Tremble Tremble Taispeántas le Jesse Jones
Dínit agus Ómós ag an Obair
Deontais agus Dámhachtainí
Babhta nua ilDÁNA fógartha
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, 2018, Babhta 2, 2018, lena n-áirítear Sraith 1 (Amharc-ealaíontóirí) agus Sraith 2 (Coimeádaithe).
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2018
Réamhfhógra maidir le tionscnamh nua scannán, Authored Works, agus Reel Art 2018
Nuacht ón bPobal
Carriage Return: Saothar Nua le Julie Merriman
Ánracht Filíochta Idirnáisiúnta John Montague
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2018

 

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 12 Meitheamh 2018 ar aghaidh

Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:

  • Rannpháirtíocht sna hEalaíona
  • Litríocht (Béarla)
  • Litríocht (Gaeilge)
  • Na hEalaíona Traidisiúnta
  • Na Físealaíona
  • Daoine Óga, Leanaí & Oideachas

Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.

Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil , ar ár suíomh Gréasáin.

Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.